Seoladh de CHOMHAIRLE OLANN FHÁSTA NA HÉIREANN – COFE

Roghnaíodh an chéad ‘Comhairle Olann Fhásta na hÉireann’ ag Cruinniú mór de Pháirtithe Leasmhara, a bhí ar siúl in Óstán Athlone Springs ar an gCéadaoin, 5 Aibreán 2023. Bunaíodh Comhairle Olann Fhásta na hÉireann, COFE, mar chomhairle uile-oileáin a thugann le chéile páirtithe leasmhara ón dhá thaobh den teorainn chun díriú ar earnáil olann na hÉireann a fheabhsú. Oibreoidh siad le chéile, chun an earnáil a bhunú agus chun leas níos mó a bhaint aisti ar mhaithe an phobail. Is é an  aidhm soiléir agus beacht atá ag an gComhairle ná luach breise a chruthú sa slabhra luacha olla iomlán agus a chinntiú go sroichfidh coibhneas cóir den luach sin an táirgeoir príomhúil.

Fís an Chomhairle Olla

“… Ag tabhairt le chéile páirtithe leasmhara olann ar fud oileán na hÉireann chun féideartha acmhainn Olann Fhásta na hÉireann mar ábhar nádúrtha, inbhuanaithe agus ilúsáideach a bhaint amach. Trí thógáil ar a oidhreacht shaibhir, tá sé mar sprioc cur le tuiscint agus léirthuiscint de shaintréithe olann fhásta na hÉireann. Tá sé mar aidhm cáighdeán agus inbhuanaitheacht olann fheirmeoireachta na hÉireann a fheabhsú trí comhoibriú a éascú i dtaighde táirgí agus margaidh agus ar deireadh,  réitigh táirgí nuálacha a chur i bhfeidhm…”

Deir tuarascáil ‘An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara’ (RTBM) ar Dheiseanna Margaidh do Tháirgí Olann Bunaithe in Éirinn 2022 go bhfuil aird á thabhairt ar shnáithíní nádúrtha ar fud an domhain mar gheall ar a n-inbhuanaitheacht agus a n-airíonna nádúrtha uathúla. Ní haon eisceacht í olann chaorach agus tá sé ar cheann de na hacmhainní nádúrtha agus in-athnuaite a n-úsáidtear go forleathan i réimse feidhmeanna. Fágann a comhdhéanamh uathúil go bhfuil sé úsáideach i go leor margaí cosúil le gairneoireacht, pacáistiú, insliú, teicstílí, cosmaidí, táirgí líonta agus cumaisc.

Breathnaítear ar olann faoi láthair mar sheachtháirge de tháirgeadh uaineola in Éirinn nach bhfuil mórán luacha air. Cosnaíonn sé níos mó caoirigh a lomadh ná mar a gheobhfaí in ioncam don lomra. Is gnó neamheacnamaíoch í faoi láthair, nuair a chuirtear costais bhreise, cosúil le sciúradh (glanadh) an lomra san áireamh.  Tá Comhairle Olann Fhásta na hÉireann ag tnúth anois leis na deiseanna atá ann chun táirgí as olann caorach a fhorbairt. Tá saineolas teicniúil ag teastáil chun tacú leis na forbairtí seo.

Ina theannta sin, bunaíodh mol (lárionad) taighde agus nuálaíochta olann (‘Mol T&N’) freisin mar a bhí molta ag tuarascáil na Roinne, . I dtosach báire, tá an mol á éascú ag Cnuasach Bithgheilleagair Ciorclach an Iardheiscirt ag Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, OTM Trá Lí. Treoróidh agus tacóidh Comhairle Olann Fhásta na hÉireann leis an Mol T&N.  Cuirfidh an Mol T&N tacaíocht taighde, forbartha agus nuálaíochta ar fáil d’fheirmeoirí, do thrádálaithe aonair, d’fhiontair agus dóibh siúd ar mian leo an úsáid is fearr a bhaint as an acmhainn fhásta nádúrtha Éireannach seo. Trí na forbairtí seo, tá sé mar aidhm ag Comhairle Olann Fhásta na hÉireann luach a mhéadú ar fud an tslabhra soláthair, ón bhfeirm go dtí an táirge deiridh.

Ráiteas an Aire

Ba í an tAire Pippa Hackett, a choimisiúnaigh an tAthbhreithniú ar Dheiseanna Margaidh do Tháirgí Olann Fhásta in Éirinn agus a fuair maoiniú síl €30,000 chun an Chomhairle a bhunú.  Dúirt sí: “Is garsprioc thar a bheith suntasach é bunú Chomhairle Olann Fhásta na hÉireann do thionscal olann na hÉireann agus  branda láidir olann fhásta in Éirinn a chruthú, agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a bhí páirteach ann. Táim ag súil le bheith ag obair leis an gComhairle sna míonna agus sna blianta atá le teacht chun tairiscint luach na n-olann Éireannach a chur chun cinn agus chun cumas ollmhór na n-olann a fhástar in Éirinn mar ábhar nádúrtha, inbhuanaithe agus ilúsáideach a bhaint amach. Tá fíor áthas orm ballraíocht chomh leathan sin a fheiceáil ar an gComhairle, agus, go háirithe, fáiltím ó chroí roimh bhallraíocht uile-oileáin an Chomhairle, agus go bhfuil ionadaíocht ag páirtithe leasmhara ó thuaidh agus ó dheas den teorainn ar an gComhairle.”

I measc na baill de Chomhairle Olann Fhásta na hÉireann tá:

Pat Byrne, Éascaitheoir COFE, An Feidhmeannach Lúfar

Chris Weiniger, Snáth Dhún na nGall 

Eve Savage, Bainisteoir Oideachais & For-rochtana Cnuasach Bithgheilleagair Ciorclán an Iardheiscirt, Ollscoil Theicneolaíochta na Mumhan 

Sean McNamara, Cathaoirleach Caorach Náisiúnta ICSA 

Lorna McCormack, Stiúrthóir, Olann ar Scoil 

Sean Moriarty, Comharchumann Uaineola agus Olla, Ciarraí 

Pheilim Molloy, INHFA, Cumann Feirmeoirí Cnoic agus Natura na hÉireann 

Clare McGovern, Rhyme, Dearthóir Inbhuanaithe Olann na hÉireann 

Sandra King, Ceardaitheoirí Snáithíní na hÉireann 

David Heraty, ISSA, Cumann Lomairí Caorach na hÉireann & Flock Romney 

Jane Harkness Bones, Olann Uladh 

George Graham, ISSA, Oiliúint Lomadh agus Sábháilteacht Feirme  

John Joe Fitzgerald, Feirmeoir Caorach Cnoic 

Deborah Evers, Pleanáil Straitéiseach & Cumarsáid (Tionscadal BAA BAA roimhe seo) 

Tom Dunne, ISSA Neamhspleách 

Kevin Dooley, Trádálaithe Olann Dooley 

Kevin Comiskey, Cathaoirleach Caorach Náisiúnta don IFA 

Pat Coffey, Easpórtálacha Olann Coffey 

Matthew Carroll, Feirm Ghleann an tSuca, Comharchumann Olann na Gaillimhe 

Fergal Byrne, ICSA, Cumann Feirmeoirí Eallaigh & Caorach na hÉireann, Earnáil Orgánach 

Daryl McLaughlin (Alastair Armstrong), Aontas Feirmeoirí Uladh 

Nótaí

● Seoladh COFE  Chomhairle Olann Fhásta na hÉireann 

● Ag tabhairt le chéile páirtithe leasmhara olann ar fud oileán na hÉireann chun féideartha acmhainn Olann Fásta na hÉireann a bhaint amach.

● Chun ár bhfís a chur chun cinn, a athbheochan agus a roinnt.

● Comhoibriú trasteorann stairiúil le hAontas Feirmeoirí Uladh agus Olla Uladh.

● Mol Taighde Olann á néascú ag Cnuasach Bithgheilleagar Ciorclach an Iardheiscirt. Is é an aidhm atá ann deiseanna taighde a bhunú agus tacú le nuálaíocht agus an fhís a bhrú chun cinn.

● Is ábhar nádúrtha, inbhuanaithe agus ilúsáideach í an olann.

● Tá an olann frithsheasmhach le UV agus in-bhithmhillte.

Pat Byrne, maidir le Moltaí Thuarascáil na Roinne

“Is é an sprioc soiléir agus beacht ná luach breise a chruthú sa slabhra luacha olla iomlán agus a chinntiú go sroichfidh coibhneas cóir den luach sin an táirgeoir príomhúil.  

Fiosrúcháin: hello@irishgrownwoolcouncil.com